Skip to main content

Clár

Téigh isteach sa leabharlann

Sonraí pearsanta

Caithfear le d’fhaisnéis phearsanta leis an méid is mó slándála agus rúndachta nuair a chuirfidh tú iarratas isteach ar bhallraíocht sa leabharlann. Beidh cead agat na seirbhísí in aon leabharlann phoiblí i bPoblacht na hÉireann a úsáid nuair a bheidh tú i do bhall. Dá réir sin, beidh teacht ag gach údarás áitiúil sa stát seo ar an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil nuair a ghlacfaidh tú ballraíocht. Ina theannta sin, beidh teacht ag tríú páirtithe iontaofa a chuireann tacaíocht bogearraí ar fáil ar na sonraí sin.

Déileálfar le d’fhaisnéis phearsanta leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.

Ní dhéanfaimid teagmháil leat ach amháin i ndáil leis an úsáid a bhaineann tú as an tseirbhís nó má tá sé curtha in iúl agat gur mian leat fógraí a fháil faoi imeachtaí nó cláir leabharlainne atá le teacht.

 

Ballraíocht

Tá ballraíocht in aisce le fáil ag an uile dhuine. Is féidir ballraíocht a fháil ag leabharlann phoiblí ar bith sa tír trí chruthúnas a thaispeáint maidir le d'ainm agus do sheoladh poist. Tá ballraíocht le fáil ag daoine gan bheann ar an aois ach i gcás an té atá faoi bhun 18 bliana d'aois, ní mór síniúchán tuismitheora nó caomhnóra a bheith leis an bhfoirm clárúcháin.

Ballraíocht ar líne

Is féidir ballraíocht a fháil ar líne leis an leabharlann trí chliceáil ar an gcnaipe thíos tar éis duit na coinníollacha ballraíochta a léamh agus glacadh leo.

Coinníolacha ballraíochta

Ní mór duit do chárta ballraíochta a thaispeáint chun ábhar a thógáil ar iasacht ón leabharlann.
Is féidir leat suas le 12 mír a thógáil ar iasacht agus iad a choinneáil go ceann 3 seachtaine.
Is féidir na nithe sin a thógáil ar iasacht ó leabharlann phoiblí ar bith sa tír agus a thabhairt ar ais chuig leabharlann phoiblí ar bith sa tír.
Is féidir athnuachan a dhéanamh faoi dhó ag brainse ar bith den leabharlann ar an iasacht i ndáil le haon mhír ar bith. Bíonn an lucht foirne sásta athnuachan a dhéanamh maidir le míreanna ar an teileafón i rith na n-uaireanta oscailte. Ní mór duit uimhir do chárta leabharlainne a bheith agat lena cur in iúl. Má bhíonn mír curtha in áirithe, ní féidir athnuachan a dhéanamh ar an iasacht ina leith sin.
Is féidir leat mír nach bhfuil ar láimh a chur in áirithe. Is féidir leat leas a bhaint as an gcatalóg ar líne chun míreanna a chur in áirithe de do stuaim féin.
Sa chás go dtagann athrú ar do sheoladh nó ar d'ainm, bheifí buíoch díot ach sin a chur in iúl gan mhoill.
Bheifí buíoch díot, sa chás go gcailleann tú do chárta, dá gcuirfeá sin in iúl don leabharlann gan mhoill. Tusa a bheidh freagrach maidir le haon mhír a thógtar ar iasacht sula gcuireann tú cailliúint an chárta in iúl.
Coinnítear sonraí ballraíochta faoi rún agus ní scaoilfear an t-eolas le páirtí ar bith eile.

 

Aontú

Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun glacadh leis na coinníollacha seo agus leanúint ar aghaidh go dtí an fhoirm chlárúcháin (ní mór 18 mbliana a bheith slánaithe agat chun clárú ar líne).


 

Féach ar liosta sábháilte gníomhach